Skip to main content

Rosslare Europort Access Road Works

The approach road to Rosslare Europort will have a stop/go system in place for six weeks from Monday 13th May 2024. See our News section for more information

Línte Cúrsála

Nascacht Cúrsála Europort Ros Láir

Is tairseach iontach do thurasóirí é Europort Ros Láir agus níl sárú orainn ó thaobh neasachta agus naisc chuig na láithreáin turasóireachta is mó tóir in Éirinn. Ní fada uait ón gcalafort na galfchúrsaí is fearr in Éirinn agus áilleacht iontach na tuaithe. Tá roinnt comharthaí talúin i gContae Loch Garman a bhfuil clú agus cáil dhomhanda orthu, Teach Solais Rinn Duáin, Crannlann JFK, Caisleán Bhaile Sheáin agus Páirc Náisiúnta Oidhreachta na hÉireann ina measc, gach ceann díobh thart ar 30 nóiméad ón gcalafort.

Saoráidí an Chríochfoirt Chúrsála

Tá trí bheart in Europort Ros Láir is féidir glacadh le soithí cúrsála lena dtaobh. Is féidir linn freastal ar sheirbhísí siúnta le haghaidh soithí cúrsála a fhanann lasmuigh den chalafort freisin.

Is féidir linn na seirbhísí seo a leanas a chur ar fáil ach iad a iarraidh:

Tá na roghanna seo a leanas ag paisinéirí a fhágann an soitheach cúrsála in Europort Ros Láir:

I gcomhréir le ‘Cód Slándála Idirnáisiúnta um Shaoráidí Calafoirt agus Loinge’, bíonn rialacháin dhiana slándála i gceist in áiteanna a dtagann longa cúrsála chun cé. Chuige sin, níl cead ag cuairteoirí teacht isteach sa chríochfort ná sa long gan réamhfhógra a bheith faighte trí ghníomhaireacht na loinge

Más maith leat áirithint a dhéanamh ar long cúrsála, déan teagmháil lenár mBainisteoir Tráchtála agben.radford@irishrail.ie