Inrochtaineacht Shuíomh Gréasáin Iarnród Éireann
Cé go bhfuilimid tar éis gach iarracht a dhéanamh rosslareeuroport.ie a dhéanamh inrochtana d’úsáideoirí uile an suímh gréasáin, d’fhéadfadh sé tarlú go gcabhródh sé le húsáideoirí lagamhairc breiseáin agus gnéithe brabhsálaithe a úsáid.
Tá an téacs ar fad a úsáidtear ar an suíomh gréasáin seo i gcoibhneas ó thaobh méide de agus is féidir é a mhéadú nó a laghdú trí zúm réamhshocraithe do bhrabhsálaithe a úsáid.
Féach thíos chun treoir a fháil maidir le do bhrabhsálaí nó do chóras oibriúcháin a chumrú chun amharc codarsnachta níos airde a shocrú ar www.rosslareeuroport.ie.
Google Chrome
Tá Google tar éis breiseán ardchodarsnachta a fhorbairt le haghaidh chrome a ligeann don úsáideoir scoránú a dhéanamh idir réimse stíleanna ardchodarsnachta ar shuíomh gréasáin ar bith.
De rogha air sin, is féidir socruithe chrome a athrú de láimh ach nascleanúint a dheanamh chuig chrome://settings/ (copy and paste)
Firefox
Tá síneadh 3ú páirtí ar fáil le haghaidh Firefox ar a dtugtar cúlra dorcha agus téacs geal a ligeann don úsáideoir scoránú a dhéanamh idir réimse stíleanna ardchodarsnachta ar shuíomh gréasáin ar bith.
De rogha air sin, is féidir cuid de na socruithe sin a athrú trí nascleanúint a dhéanamh chuig about:preferences.
Safari
Cuireann Safari cumrú teoranta ar fáil ó laistigh den bhrabhsálaí trí nascleanúint a dhéanamh chuig Preferences > General.
Moltar cumrú a dhéanamh ar shocruithe inrochtaineachta an chórais oibriúcháin domhanda is féidir a fheiceáil trí nascleanúint a dhéanamh chuig System Preferences > Accessibility.
Microsoft Edge agus Internet Explorer
Moltar cumrú a dhéanamh ar shocruithe inrochtaineachta an chórais oibriúcháin domhanda is féidir a fheiceáil trí nascleanúint a dhéanamh chuig
Settings > Ease of access
Is féidir rogha a dhéanamh anseo idir téamaí ardchodarsnachta agus athrú a dhéanamh ar shocruithe zúmála.